Mar is eol don Teachta, tá ról reáchtúil ag Foras na Gaeilge faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin. I measc na bhfeidhmeanna sin, tá dualgas ar Fhoras na Gaeilge comhairle a chur ar fáil don lucht riaracháin mar aon le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge
Sa chomhthéacs sin, bhí feidhmeannaigh mo Roinne i dteagmháil le Foras na Gaeilge maidir leis an mBille Oideachais (Iontráil Scoileanna) 2017 ar mhaithe le tuairimí tomhaiste a chur ar fáil don Roinn Oideachais agus Scileanna ina leith.
Ar ndóigh, bíonn feidhmeannaigh mo Roinne i dteagmháil le Foras na Gaeilge i ndáil le ceisteanna ginearálta a bhaineann leis an Ghaeilge ar bhonn leanúnach.