Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 October 2018

Tuesday, 16 October 2018

Ceisteanna (688)

Peadar Tóibín

Ceist:

688. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cá mhéad uair in aghaidh na bliana, le cúig bliana anuas, a chuaigh sise, nó an tAire Stáit, i dteagmháil le Foras na Gaeilge maidir le billí rialtais. [42156/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá ról reáchtúil ag Foras na Gaeilge faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin. I measc na bhfeidhmeanna sin, tá dualgas ar Fhoras na Gaeilge comhairle a chur ar fáil don lucht riaracháin mar aon le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge

Sa chomhthéacs sin, bhí feidhmeannaigh mo Roinne i dteagmháil le Foras na Gaeilge maidir leis an mBille Oideachais (Iontráil Scoileanna) 2017 ar mhaithe le tuairimí tomhaiste a chur ar fáil don Roinn Oideachais agus Scileanna ina leith.

Ar ndóigh, bíonn feidhmeannaigh mo Roinne i dteagmháil le Foras na Gaeilge i ndáil le ceisteanna ginearálta a bhaineann leis an Ghaeilge ar bhonn leanúnach.

Barr
Roinn