Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mo Roinnse tiomanta do fhreagra a thabhairt i nGaeilge, le litir nó le ríomhphost, nuair a scríobhann custaiméir chuig mo Roinn i nGaeilge. Tá Aonad Gaeilge i bhfeidhm i mo Roinn chun aistriúcháin Ghaeilge a chur ar fáil nuair is gá.
Tá mo Roinn tiomanta ach go háirithe d'fheabhas a chur ar na seirbhísí Gaeilge a chuirtear ar fáil i gceantair Ghaeltachta. Tá dhá Lárionad Chuan Iascaigh ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara atá suite i gceantair Ghaeltachta. Maidir leis na baill foirne atá sa dá oifig sin: as an 15 bhall foirne atá ag obair sa dá oifig sin, tá 11 díobh ábalta gnó ar fad na Roinne a chur i gcrích i nGaeilge. Tá an ceathrar ball eile in ann comhrá a bheith acu i nGaeilge. Dá bhrí sin tá mo Roinn ábalta seirbhís iomlán a sholáthar trí Ghaeilge sna hoifigí dá cuid atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta.
Le súil is cumas na Gaeilge a choinneáil agus a fheabhsú sa dá Lárionad Chuan Iascaigh sin, tá mo Roinn tiomanta do dhul i mbun oibre ar an mbonn seo a leanas maidir le gach comórtas amach anseo i gceantair Ghaeltachta. Beidh riachtanais i dtaobh na Gaeilge agus an Bhéarla, riachtanais a bheidh ar chomhchéim, i gceist le haon chomórtas a bhaineann le poist a bheidh lonnaithe in oifig atá suite i gceantar Gaeltachta. Déanfaidh an Roinn gach iarracht a chinntiú go mbeidh gach duine a earcaítear amach anseo in oifigí i gCeantair Ghaeltachta inniúil sa Ghaeilge. Ní mór don Roinn fós an ceart atá aici post sa Ghaeltacht a thabhairt do dhuine nach bhfuil aon Ghaeilge aige a fhorchoimeád mura dtiocfaidh duine a bhfuil Gaeilge aige agus atá cuícháilithe chun cinn. Táthar ag súil nach mbeidh gá sin a dhéanamh ach caithfidh an Roinn a chinntiú go gcomhlíonann sí a cuid feidhmeanna sna Lárionaid Chuanta Iascaigh.
Ina theannta sin, le súil is a bheith ábalta é a chur ar chumas chustaiméirí atá ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh i nGaeilge, tá sé phost aitheanta ag mo Roinn ina gcaithfidh na daoine sna poist sin cumas dátheangach a bheith acu. Tá ceithre cinn de na sé phost sin lonnaithe lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta dá dtagraítear thuas. Ar ndóigh, tá baill foirne eile ar fud mo Roinne a bhfuil leibhéil éagsúla cumais acu maidir lena ngnó a dhéanamh i nGaeilge.
Féach an tábla thíos chun eolas a fháil maidir leis an bhfoireann a bhfuil cúrsaí Gaeilge tugtha i gcrích acu agus a bhfuil cáilíocht bainte amach acu in Inniúlacht na Gaeilge.
Bliain
|
Cúrsa
|
Coláiste
|
Rannpháirtithe
|
|
Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil
|
Gaelchultúr Teoranta
|
1
|
2016
|
|
|
|
|
Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil
|
Gaelchultúr Teoranta
|
1
|
|
Cúrsa Gaeilge
|
The Language Centre
|
1
|
2017
|
|
|
|
|
Cúrsa Gaeilge
|
FEICIM
|
1
|
2018
|
|
|
|
|
Teastas i nGaeilge Ghairmiúil
|
Gaelchultúr Teoranta
|
3
|
|
Teastas i nGaeilge Ghairmiúil
|
Gaelchultúr Teoranta
|
23
|
|
Gaeilge (Meánleibhéal B1)
|
The Language Centre
|
1
|
|
Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil Leibhéal 6
|
Gaelchultúr Teoranta
|
1
|