Éamon Ó Cuív
Question:123. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cén dul chun cinn atá déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun áit páirceála shábháilte a chur ar fáil do rothair, carráistí capall agus busanna gar do láthair Dhún Aonghusa in Árainn; cad iad sonraí na gcomhráití a bhí ag an Oifig le Comhairle Contae na Gaillimhe leis na leas-sealbhóirí eile le trí mhí anuas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44387/18]
View answer