Skip to main content
Normal View

Cumas Gaeilge sa Gharda Síochána

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 November 2018

Tuesday, 13 November 2018

Questions (284)

Aindrias Moynihan

Question:

284. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais an bhfuil móran Gardaí le Gaeilge á n-earcú nó earcaithe le deanai, an bhfuil painéal ag feidhmú agus conas a ndeantar meastoireacht ar inniúlacht na Gaeilge ag Gardaí. [47111/18]

View answer

Written answers

Faoi mar is eol don Teachta, is ar Choimisinéir an Gharda Síochána atá freagracht ó thaobh riarachán agus gnó an Gharda Síochána a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne, lena n-áirítear trí shocrú a dhéanamh maidir le comhaltaí agus foireann shibhialtach an Gharda Síochána a earcú, a oiliúint agus a cheapadh, agus níl aon bhaint dhíreach agamsa, mar Aire, leis an ábhar.

Déantar earcaíocht don Gharda Síochána a sheoladh faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004. Déanann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS ), thar ceann Choimisinéir na nGardaí, na céimeanna earcaíochta tosaigh a bhaineann le roghnú Gardaí faoi oiliúint a bhainistiú. Is é nó í an Coimisinéir a bhainistíonn na céimeanna deiridh den phróiseas earcaíochta, ina ndéantar iarrthóirí a ghrinnfhiosrú, agus ina ndéanann siad tástáil inniúlachta fisiciúla maille le scrúdú liachta.

Is féidir le hiarratasóirí incháilithe ar an nGarda Síochána, ar cainteoirí líofa Gaeilge iad, roghnú go ndéanfaí iad a bhreithniú lena gcur i sain-sruth Gaeilge laistigh den chomórtas foriomlán earcaíochta.

Ceanglaítear ar iarrthóirí sa sruth seo a n-éiríonn leo fad leis na céimeanna deiridh den phróiseas roghnúcháin gnéithe áirithe den phróiseas a dhéanamh trí Ghaeilge, m.sh. agallamh atá bunaithe ar inniúlacht, maille le tástáil Gaeilge scríofa.

Bítear ag súil go ndéanfar iarrthóirí a cheaptar ón sruth Gaeilge réimse iomlán seirbhísí i nGaeilge a sholáthar. Sanntar iarrthóirí a n-éiríonn leo do limistéir Ghaeltachta ar feadh tréimhse ama arna cinneadh ag an gCoimisinéir.

Sa tábla seo a leanas taispeántar miondealú ar an líon iarratasóirí ón Sruth Gaeilge ar éirigh leo agus ar cuireadh tús lena n-oiliúint i gColáiste na Gardaí i leith gach bliana ó 2104 i Leith.

Bliain

An líon iarratasóirí ar éirigh leo agus ar cuireadh tús lena n-oiliúint

2014

21

2015

9

2016

8

2017

6

2018

5

Iomlán

49

Níl aon Phainéal bunaithe faoi láthair ós rud é go bhfuil torthaí agallamh a reáchtáladh sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ó chomórtas earcaíochta 2018, ar tháinig deireadh leis i Meitheamh, le heisiúint fós.

Top
Share