Skip to main content
Normal View

Forbairt na nOileán

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 12 February 2019

Tuesday, 12 February 2019

Questions (778)

Pat the Cope Gallagher

Question:

778. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici maoiniú a sholáthar d’oileáin Dhún na nGall le haghaidh bóithre poiblí ar na hoileáin éagsúla; an ndeimhneoidh sí go bhfuil leithroinnt leagtha amach i mbuiséad na Roinne i mbliana dó sin, agus an mbeidh leithroinnt bhreise ar fáil do na hoileáin i mbuiséad na bliana seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6919/19]

View answer

Written answers

Tá an cheist maidir le Clár Mionoibreacha 2019 do na hOileáin á scrúdú ag oifigigh mo Roinne faoi láthair i gcomthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda i mbliana agus na n-éileamh éagsúla ar an soláthar sin.

Top
Share