Fuarthas litir achomhairc ó TirGlas Teo thar ceann an duine ainmnithe. Níor chuir an duine ainmnithe iarratais ar aghaidh ar Scéim na hÍocaíochta Aonair (SPS) i leith na mblianta 2013 & 2014 ná iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) sa bhliain 2015 agus is leis sin a bhaineann an t-achomharc.
Mar a leagadh amach sa bhfreagra roimhe seo chuig an Teachta, tá an ceart íocaíocht a fháil faoin BPS ag brath ar bhlianta tagartha 2013, 2014 agus 2015. Dá bhrí sin ní mór aon chinneadh glacadh le hiarratais i leith na mblianta sin a bhreithniú go cúramach de bharr an méid ama atá caite, go háirithe cinneadh a dhéanamh an féidir teidlíochtaí BPS a leithroinnt freisin. Tá an cháipéisíocht a cuireadh ar aghaidh athbhreithnithe agus rinne oifigeach ó mo Roinn teagmháil leis an duine ainmnithe agus iarraidh eolas níos sonraithe. Cuireadh an t-eolas breise ar aghaidh le déanaí agus tá sé á athbhreithniú faoi láthair.
A luaithe a bheidh athbhreithniú iomlán ar an gcás tugtha chun críche, déanfaidh oifigeach ó mo Roinn teagmháil go díreach leis an duine ainmnithe.