Skip to main content
Normal View

Na hOileáin amach ón gCósta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 June 2019

Wednesday, 12 June 2019

Questions (61)

Pat the Cope Gallagher

Question:

61. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici maoiniú a sholáthar d'oileáin i nDún na nGall maidir le bóithre poiblí ar na hoileáin éagsúla; an ndeimhneoidh sí go bhfuil allúntas leagtha amach i mbuiséad na Roinne i mbliana ina leith sin; an mbeidh allúntas breise ar fáil d'oileáin i mbuiséad 2019; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24053/19]

View answer

Written answers

Tá an cheist maidir le Clár Mionoibreacha 2019 do na hOileáin á scrúdú ag oifigigh mo Roinne faoi láthair i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda i mbliana agus na n-éileamh éagsúla ar an soláthar sin.

Top
Share