Cuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú reatha ar fáil don eagraíocht: Gaillimh le Gaeilge chun tacú lena gcuid gníomhaíochtaí. Is €139,080 atá ceadaithe don eagraíocht i mbliana faoin Scéim Tacaíochta Gaeilge de chuid na Roinne.
Is é Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, atá freagrach as plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú do Chathair na Gaillimhe faoin bpróiseas pleanála teanga. Táthar ag súil go gcuirfear an plean seo faoi bhráid na Roinne i mí Mheán Fómhair na bliana chun críche faofa faoin bpróiseas pleanála teanga.
Is i gcomhthéacs an allúntais reatha thuasluaite agus an phróisis pleanála teanga a ndéanfar an cheist faoi ghnóthaí airgeadais na heagraíochta don tréimhse atá le teacht a bhreithniú - tar éis plean a bheith faomhaithe agus soiléireacht níos fearr a bheith ann faoi na himpleachtaí féideartha airgeadais don chiste pleanála teanga trí chéile.