Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Friday - 6 September 2019

Friday, 6 September 2019

Questions (1431)

Éamon Ó Cuív

Question:

1431. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara céard iad na pleananna atá aige le cé dhomhain mhara a thógáil i Ros an Mhíl, Contae na Gaillimhe; cén obair atá déanta go dtí seo ar an togra seo; cén obair bhreise atá ceadaithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36391/19]

View answer

Written answers

Tá sé Lárionad Cuain Iascaigh ainmnithe faoi úinéireacht an Stáit, suite i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Daingean Uí Chúis, an Dún Mór Thoir, Binn Éadair, na Cealla Beaga agus Ros an Mhíl, ar úinéireacht ag mo Roinnse agus déanann an Roinn iad a chothabháil agus a chur i bhfeidhm, faoi reacht.

Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil ar bhonn bliantúil do na Lárionaid Chuain Iascaigh, lena n-áirítear Ros an Mhíl, faoin gClár Forbartha Infreastruchtúir Cuanta Iascaigh agus Cósta. Tá dul chun cinn déanta le blianta anuas ar chlár céimnithe chun bonneagar Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl a fhorbairt agus tá infheistíocht shuntasach déanta ann. Ar an iomlán, tá tuairim is €29.5m infheistithe i bhforbairtí caipitil i Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl idir 2000 agus 2018.

Is tiomantas suntasach i leith an chalafoirt an méid infheistíochta atá déanta ina leith agus d'éascaigh sin pontúin nua do bháid farantóireachta a dhéanamh agus a shuiteáil, oibreacha dreideála agus caladh bád a chur ar fáil. Tá pointe bordála breá ann do mhuintir Árann agus do lucht turasóireachta na n-oileán a chuireann leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil agus le sábháilteacht na ndaoine a bhaineann úsáid as Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl.

Tá an fhéidearthacht maidir le tionscadal calafoirt domhainfharraige ag Lárionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl á mheas ag an Roinn le tamall anuas. Choimisiúnaigh an Roinn comhairleoirí DKM chun Anailís Costais is Tairbhe a dhéanamh ar a bheadh i gceist le cé domhainfharraige a fhorbairt ag Ros an Mhíl. Cuireadh dréacht-thuarascáil ar aghaidh chuig an Roinn i Meitheamh 2017. Rinneadh an tuarascáil a mheas ach níor glacadh léi go foirmeálta riamh.

Ó dréachtaíodh an tuarascáil sin, tá athrú tagtha ar roinnt de na bunphrionsabail a bhí mar thaca leis an gcéad anailís a rinneadh. In 2018, choimisiúnaigh an Roinn comhairleoirí innealtóireachta ina dhiaidh sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar na réitigh dearaidh, ar na roghanna scóipeála agus ar ghnéithe oibríochta a d'fhéadfadh a bheith i gceist lena leithéid de thogra amach anseo. Fuarthas an tuarascáil sin in Aibreán 2019 agus tá sí á meas go hiomlán i láthair ag an Roinn. Aithníodh sa tuarascáil an gá atá le fiosruithe eile suímh ag Ros an Mhí, agus táthar i mbun na bhfiosruithe sin i láthair na huaire.

Mar a bhíonn le gach forbairt sna sé Lárionad Cuain Iascaigh, ní dhéanfar aon chinneadh eile amach anseo i ndáil le tús a chur leis an tionscadal seo i Ros an Mhíl a mheas ach ar an mbonn maoiniú státchiste agus tosaíochtaí náisiúnta iomaíochta a bheith ar fáil.

Top
Share