Éamon Ó Cuív
Question:2016. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil cinneadh déanta nach rachfar ar aghaidh le céim a dó agus a trí de thógáil ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin go dtí go mbeidh cé Inis Oírr tógtha; an bhfuil aon bhunús leis an gcinneadh sin ó tharla go bhfuil práinn ann chun brú ar aghaidh leis an dá ché chomh sciobtha agus is féidir; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34900/19]
View answer