Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Friday - 6 September 2019

Friday, 6 September 2019

Ceisteanna (2016)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

2016. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil cinneadh déanta nach rachfar ar aghaidh le céim a dó agus a trí de thógáil ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin go dtí go mbeidh cé Inis Oírr tógtha; an bhfuil aon bhunús leis an gcinneadh sin ó tharla go bhfuil práinn ann chun brú ar aghaidh leis an dá ché chomh sciobtha agus is féidir; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34900/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ba mhaith liom a dhearbhú don Teachta, arís, nach bhfuil an dá fhorbairt luaite, ag braith ar a chéile agus go mbeidh mo Roinn ag brú ar aghaidh leis an dá thionscadal. Mar is eol don Teachta tá forbairt ar na céanna Caladh Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr luaite i Tionscadail Éireann 2040. Tá roghanna éagsúla maidir le forbairt Ché an Chaladh Mhóir á mheas; faoi théarmaí an Chóid Caiteachais Poiblí, beidh Cás Gnó ina thaobh á chur faoi bhráid na Roinne ag Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Cuirfidh sé seo i bhfos don Roinn na chéad céimeanna eile a bheidh le tógáil i dtaobh an tionscadal. Maidir le Cé Inis Oírr, tá dul chun cinn suntasach déanta agus táthar ag súil go dtosóidh an obair thógála air in 2020.

Barr
Roinn