Skip to main content
Normal View

Caiteachas Caipitiúil

Dáil Éireann Debate, Friday - 6 September 2019

Friday, 6 September 2019

Questions (2049)

Dara Calleary

Question:

2049. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad airgid atá ceadaithe aici i mbliana do mhionoibreacha caipitiúla ar na hoileáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36889/19]

View answer

Written answers

Tá an cheist maidir le Clár Mionoibreacha 2019 do na hOileáin á scrúdú ag oifigigh mo Roinne faoi láthair i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda i mbliana agus na n-éileamh éagsúil ar an soláthar sin.

Top
Share