Má tá an tAire Stáit ag iarraidh an t-airgead sin a chaitheamh ar thogra mór i nGaillimh, beidh Gaeltacht Dhún na nGall, Gaeltacht Chorcaí agus Gaeltacht na Rinne, srl., thíos leis. Tá an t-airgead ann fá choinne na nGaeltachtaí éagsúla. Ba cheart go mbeadh an t-airgead sin curtha ar fáil i lár na bliana seachas ag an am seo den bhliain. Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte bheith ag rá go bhfuair áiteanna áirithe €40,000. Is ceist í sin don Aire Stáit. An bhfuil sé ag rá sa Dáil inniu nach bhfuil dualgas ar bith air ó thaobh Dhún na nGall de, agus é ceaptha mar Aire Stáit na Gaeltachta, ós rud é go bhfuil na dualgais sin go léir ar an Aire Oideachais agus Scileanna? Ní luíonn sé sin le ciall ar chor ar bith. Iarraim arís air a shoiléiriú an raibh sé i dteagmháil lena chomhghleacaí, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, ón uair a scríobh mé chuige chun cuidiú linn sa chomhthéacs seo. Mura bhfuil sé in ann cabhair a thabhairt dúinn na bóithre Gaeltachta a chóiriú, mar Aire Stáit na Gaeltachta caithfidh sé brú a chur ar an Aire, an Teachta Ring, ionas gur féidir linn an sprioc seo a chomhlíonadh. Mar is eol don Aire Stáit, tá cuireadh faighte aige teacht go dtí Dún na nGall agus casadh le go leor grúpaí, ina measc Ionad Óige Ghaoth Dobhair. Tá súil agam go mbeidh sé sásta teacht go dtí Gaeltacht Dhún na nGall roimh dheireadh na bliana. Mura bhfuil sé ábalta teacht, ní cheart dó bheith ag caint faoin uair dheireanach a bhí sé ann. Nuair a chuaigh an tAire Stáit agus an tAire, an Teachta McHugh, go dtí Árainn Mhór, dúirt siad go mbeidís sásta airgead a chur ar fáil le haghaidh cé chuig an teach solais agus cúpla punt a sholáthar chun na poill a líonadh. Ní dhearnadh faic ina thaobh sin.