Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Bóithre Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 September 2019

Thursday, 19 September 2019

Ceisteanna (3)

Pat the Cope Gallagher

Ceist:

3. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sí chun cuairt a thabhairt ar an cheantar Gaeltachta i nDún na nGall, áit a ndearna tuilte damáiste le gairid, na hoileáin san áireamh; an dtabharfaidh sí dearbhú go mbeidh maoiniú ar fáil don obair chóirithe leis an damáiste a chóiriú agus, i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, go gcuirfidh sí plean le chéile leis an damáiste a rinneadh a chóiriú; an bhfuil sí eolach go ndearnadh a leithéid cheana nuair a rinne tuilte scrios in 2009 i nGaeltacht Dhún na nGall; an dtabharfaidh sí scála ama le go bhféadfaí an maoiniú atá riachtanach a cheadú le cois buiséad táscach don obair chóirithe a bheidh maoinithe ag a Roinn; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37727/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí ó Béal (19 píosaí cainte)

Tá mé ag iarraidh a fháil amach ón Aire nó ón Aire Stáit cé chomh luath is a bheidh sí nó sé ag tabhairt cuairte ar Ghaeltacht Dhún na nGall. Taobh amuigh den chruinniú Rialtais i nGleann Cholm Cille, ní raibh an tAire nó an tAire Stáit i nGaeltacht Dhún na nGall ón uair a ceapadh iad. An bhfuil tuairisc á lorg ag an Aire Stáit, nó b'fhéidir faighte aige, maidir leis an damáiste atá déanta ar bhóithre oileáin Dhún na nGall, ina measc Árainn Mhór, Toraigh, Inis Bó Finne, Gabhla agus Oileán Uaighe? An raibh sé i dteagmháil leis an Aire, an Teachta Ring, maidir le hairgead a fháil fá choinne na bóithre seo a chóiriú?

Tá an scéim faoina mbíodh cúnamh airgid á chur ar fáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta do na húdaráis áitiúla ábhartha - den chuid is mó chun athchóiriú a dhéanamh ar bhóithre áirithe Gaeltachta - ar fionraí le tamall de bhlianta anois. Mar atá tugtha le fios sa fhreagra ar Cheist Uimh. 24 inniu, is i gcomhthéacs fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a ndéanfaí aon chinneadh maidir le hathnuachan na scéime sin, rud nach bhfuil beartaithe a dhéanamh ag an bpointe seo. Ach an oiread leis an gcuid eile den tír, is faoi na húdaráis áitiúla ábhartha a bhaineann an fhreagracht maidir le cothabháil bhóithre na Gaeltachta. Iarrann mo Roinn iarratais i leith oibreacha poiblí ar oileáin áitrithe ar bhonn bliantúil ó na húdaráis áitiúla ábhartha i leith oibreacha a bhféadfaí a dhéanamh laistigh den bhliain i gceist. Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall san áireamh agus go bhfuil an t-iarratas a fuarthas uathu á scrúdú ag oifigigh mo Roinne faoi láthair i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda i mbliana agus i gcomhthéacs na n-éileamh éagsúil ar an soláthar sin. Tá infheistíocht leanúnach á dhéanamh ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i dtograí caipitil ar na hoileáin. Ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm, tá €9.15 milliún caite ag an Roinn ar thograí éagsúla faoin chlár caipitil na n-oileán. Léiríonn an figiúr sin go bhfuil mo Roinn tiomanta d'fhorbairt na n-oileán agus do phobal bríomhar inbhuanaithe a choinneáil ag maireachtáil ar na hoileáin. Tá mé ag éisteacht le pobail na n-oileán i gcónaí agus tá mé gníomhach ar a son. Tá ceithre mhórthogra ag mo Roinn luaite i dTionscadail Éireann 2040 agus tá péire acu bainteach leis na hoileáin i nDún na nGall: forbairt na cé ag Machaire Rabhartaigh, atá ag freastal ar Thoraigh; agus bád nua saincheaptha do Thoraigh.

Caithfidh mé a rá nach bhfuil an tAire tar éis freagra a thabhairt ar an gceist a chuir mé air. Cén uair a bheidh an tAire Stáit, nó an Aire sinsearach, ag tabhairt cuairte ar Dhún na nGall? Ní raibh an tAire Stáit sa chontae ón uair ar ceapadh é mar Aire Stáit don dara huair. Nuair a ceapadh Airí thar na blianta, bhí siad sásta cuairt a thabhairt ar na Gaeltachtaí, ach níl sé sin déanta ag an Aire Stáit. Níl sé tar éis freagra a thabhairt dom i dtaca leis seo. Iarraim air gan a rá liom go raibh sé i nGleann Cholm Cille. Bhí air bheith ansin ós rud é go raibh cruinniú Rialtais ar siúl ann. Tá sé ráite ag an Aire Stáit go bhfuil iarratas faighte aige ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall maidir leis na bóithre ar na hoileáin. Tá sé ag smaoineamh anois ar airgead a chur ar fáil, cé go bhfuilimid beagnach ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus ag dul isteach sa gheimhreadh. Ní mór dom a rá go mbíonn fáilte againn roimh airgead am ar bith. Caithfear cinnteacht a fháil i dtaobh na ráflaí atá ag dul thart nach bhfuil an tAire Stáit sásta airgead a chur ar fáil i gcomhair na mbóithre seo ós rud é go bhfuil sé ag iarraidh airgead a choinneáil le haghaidh togra i nGaillimh. Sheol mé ríomhphost chuig an Aire Stáit cúpla seachtain ó shin chun ceist áirithe a chur agus is mian liom an cheist sin a chur arís. An raibh an tAire Stáit i dteagmháil leis an Aire, an Teachta Ring, atá cúraimí na n-oileán agus na Gaeltachta air, chun airgead a fháil fá choinne an damáiste atá déanta do na bóithre i nDún na nGall?

Is é seo mo dara thréimhse mar Aire Stáit na Gaeltachta. Bhí mé ar oileán Árainn Mhór nuair a bhí mé i mo Theachta Dála agus comhairleoirí áitiúla i láthair. Bhí mé i nGaeltacht Ghleann Cholm Cille freisin. Tá mé sásta breathnú ar chasadh le grúpaí ag aon am. Má tharlaíonn go bhfuil rudaí ag dul ar aghaidh sa Ghaeltacht, beidh mé sásta dul ann freisin. An chuid is mó den am, nuair a bhíonn rudaí oifigiúla ag dul ar aghaidh sa Ghaeltacht, tá mé sásta nuair a fhreastalaíonn an tAire, an Teachta McHugh, seachas mé féin, ar na cruinnithe sin. Bíonn muid ag obair le chéile. Táimid ag breathnú ar na bóithre. Mar a dúirt mé Dé Máirt nuair a bhí cúrsaí oileánda á bplé againn sa Dáil, cheadaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta deontas de thart ar €350,000 d'oileáin Dhún na nGall sa bhliain 2018. Níor ceadaíodh ach €40,000 d'oileáin na Gaillimhe sa bhliain chéanna. Caithfimid bheith féaráilte faoi leithdháileadh an airgid. Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil mé ag breathnú ar thogra mór i nGaillimh chun Aerfort na Mine a cheannach. Táimid ag breathnú ar an gcaoi is fearr inar féidir linn an aerstráice sin a cheannach. Táimid ag breathnú ar an airgead. Tá mé ag obair leis an Aire, an Teachta Madigan, ar an togra sin.

Má tá an tAire Stáit ag iarraidh an t-airgead sin a chaitheamh ar thogra mór i nGaillimh, beidh Gaeltacht Dhún na nGall, Gaeltacht Chorcaí agus Gaeltacht na Rinne, srl., thíos leis. Tá an t-airgead ann fá choinne na nGaeltachtaí éagsúla. Ba cheart go mbeadh an t-airgead sin curtha ar fáil i lár na bliana seachas ag an am seo den bhliain. Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte bheith ag rá go bhfuair áiteanna áirithe €40,000. Is ceist í sin don Aire Stáit. An bhfuil sé ag rá sa Dáil inniu nach bhfuil dualgas ar bith air ó thaobh Dhún na nGall de, agus é ceaptha mar Aire Stáit na Gaeltachta, ós rud é go bhfuil na dualgais sin go léir ar an Aire Oideachais agus Scileanna? Ní luíonn sé sin le ciall ar chor ar bith. Iarraim arís air a shoiléiriú an raibh sé i dteagmháil lena chomhghleacaí, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, ón uair a scríobh mé chuige chun cuidiú linn sa chomhthéacs seo. Mura bhfuil sé in ann cabhair a thabhairt dúinn na bóithre Gaeltachta a chóiriú, mar Aire Stáit na Gaeltachta caithfidh sé brú a chur ar an Aire, an Teachta Ring, ionas gur féidir linn an sprioc seo a chomhlíonadh. Mar is eol don Aire Stáit, tá cuireadh faighte aige teacht go dtí Dún na nGall agus casadh le go leor grúpaí, ina measc Ionad Óige Ghaoth Dobhair. Tá súil agam go mbeidh sé sásta teacht go dtí Gaeltacht Dhún na nGall roimh dheireadh na bliana. Mura bhfuil sé ábalta teacht, ní cheart dó bheith ag caint faoin uair dheireanach a bhí sé ann. Nuair a chuaigh an tAire Stáit agus an tAire, an Teachta McHugh, go dtí Árainn Mhór, dúirt siad go mbeidís sásta airgead a chur ar fáil le haghaidh cé chuig an teach solais agus cúpla punt a sholáthar chun na poill a líonadh. Ní dhearnadh faic ina thaobh sin.

Mar atá ráite agam, cheadaigh muid €350,000 d'oileáin Dhún na nGall an bhliain seo caite agus ní raibh ach €40,000 ceadaithe d'oileáin na Gaillimhe. Sílim go raibh €200,000 ceadaithe do na hoileáin i gContae Chorcaí. Táimid an-fhéaráilte trasna na tíre ó thaobh oibrithe ar na hoileáin. Tá mé sásta casadh le grúpaí ó Dhún na nGall, ach níl ról lárnach agam i dtaobh na bóithre. Níl freagracht agam i dtaobh bóithre na Gaeltachta. Níl airgead ar fáil i mo Roinn do na bóithre Gaeltachta ón uair a dhúnadh an scéim a bhíodh ann go dtí 2009 nó 2010. Chas mé leis na hAirí, na Teachtaí McHugh, Ring agus Donohoe, roimh chruinniú an Rialtais coicís nó trí seachtaine ó shin leis an ábhar seo a phlé. Phléigh muid é. Tá i bhfad níos mó airgid ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt le haghaidh na mbóithre trasna na tíre. Tá mé sásta comhoibriú leis na Ranna sin agus leis an Teachta Gallagher maidir leis na fadhbanna atá ag dul i bhfeidhm ar na bóithre i nGaoth Dobhair nó aon áit eile.

An bhfuil an tAire Stáit sásta dul i dteagmháil leis an Aire, an Teachta Ring, agus brú a chur air airgead a sholáthar le haghaidh na mbóithre seo, a scriosadh le déanaí?

Tá mé sásta é sin a dhéanamh. Phléigh mé an t-ábhar seo leis anuraidh.

Níl mé ag caint faoi anuraidh.

Tá mé sásta-----

An bhfuil an tAire Stáit sásta é a dhéanamh anois, tar éis an scriosta atá déanta?

Tá mé sásta é a dhéanamh arís. Bhí mé i dteagmháil leis trí seachtaine ó shin.

An raibh an tAire Stáit i dteagmháil leis tar éis na dtuilte?

Tharla na tuilte coicís ó shin.

Bhí mé i dteagmháil leis na hAirí, na Teachtaí Ring, McHugh agus Donohoe, roimh chruinniú an Rialtais.

Níl an tAire Stáit ag tabhairt freagra ar mo cheist.

Bhí cruinniú beag againn.

Tá an tAire Stáit ag éalú as.

Barr
Roinn