Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 October 2019

Tuesday, 15 October 2019

Questions (666)

Éamon Ó Cuív

Question:

666. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cá mhéad a caitheadh gach bliain ar an scéim do mhúineadh na Gaeilge in ollscoileanna thar sáile ó bunaíodh an scéim; cén líon institiúidí a bhí páirteach gach bliain go dtí seo; an bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim chun na hathruithe atá tagtha ar theicneolaíocht chianfhoghlama ó shin agus athruithe eile a chur i gcuntas; cén líon mac léinn a tháinig go hÉirinn gach bliain le trí bliana anuas de thoradh na scéime; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [42229/19]

View answer

Written answers

Mar go bhfuil réimse leathan faisnéise iarrtha ag an Teachta, tuigfidh sé nach féidir í a chur le chéile laistigh den amscála atá ar fáil. Cuirfear freagra cuimsitheach díreach chuig an Teachta chomh luath agus is féidir agus i gcomhréir leis na Buan-Orduithe Dála.

A deferred reply was forwarded to the Deputy under Standing Order 42A
Top
Share