Éamon Ó Cuív
Question:272. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an mbeidh cead ag scoil (sonraí tugtha) an ceathrú múinteoir a choinneáil sa scoil más rud é go mbeidh idir 76 scoláire agus 80 scoláire ar an rolla an bhliain seo chugainn, de bharr an ghá a bheidh ann scoláirí a choinneáil scartha óna chéile de thairbhe Covid-19, toisc go bhfuil na seomraí ranga sa scoil an-bheag agus toisc nach bhfuil halla ná seomra ilúsáide ar bith sa scoil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11252/20]
View answer