Skip to main content
Normal View

Foirne Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 June 2020

Tuesday, 16 June 2020

Questions (273)

Éamon Ó Cuív

Question:

273. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige cead a thabhairt do scoileanna a chaillfidh múinteoir ranga de bharr titim sa tinreamh do scoilbhliain 2020/2021 an múinteoir sin a choinneáil, de bharr an ghá a bheidh ann scaradh sóisialta a chleachtadh i scoileanna agus chun an iomarca brú a sheachaint i seomraí ranga; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11253/20]

View answer

Written answers

Is í an phríomhthoisc don chinneadh ar na hacmhainní foirne a chuirtear ar fáil ag leibhéal scoile aonair ná an sceideal foirne don scoilbhliain ábhartha agus rolluithe na ndaltaí an 30 Meán Fómhair roimhe sin. Feidhmíonn an sceideal foirnithe go soiléir agus go trédhearcach agus pléitear go cothrom le scoileanna den chineál céanna beag beann ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe. 

Is é an t-athimlonnú ar gach múinteoir buan/CTÉ barrachais an mheicníocht a úsáidtear chun poist mhúinteoireachta a líonadh agus tá a leithéid ríthábhachtach do chumas na Roinne bainistiú laistigh dá buiséad párolla. Tá na painéil athimlonnaithe i mbun gnóthaí faoi láthair agus tá folúntais do mhúinteoirí á líonadh ag scoileanna anois don scoilbhliain 2020/21. 

The key factor for determining the level of staffing resources provided at individual school level is the staffing schedule for the relevant school year and pupil enrolments on the previous 30 September. The staffing schedule operates in a clear and transparent manner and treats all similar types of schools equally irrespective of location. 

 The redeployment of all surplus permanent/CID holding teachers is the mechanism used to fill teaching posts and is key to the ability of the Department to manage within its payroll budget. The redeployment panels are currently transacting and schools are filling teaching vacancies for the 2020/21 school year.

Top
Share