Skip to main content
Normal View

Scoileanna DEIS

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 July 2020

Tuesday, 28 July 2020

Questions (469)

Thomas Pringle

Question:

469. D'fhiafraigh Deputy Thomas Pringle den Aire Oideachais agus Scileanna cad iad na pleananna atá ag an Roinn le go mbeidh stádas DEIS ag scoileanna i nDún na nGall agus i bpáirteanna eile den tír, atá i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste sóisiálta agus eacnamaíochta agus chun ceist a chur ar an Aire cad iad na pleananna tacaíocht airgid a chur ar fáil do scoileanna de bharr costas breise a bheidh orthu le déileáil le díghalraithe agus a mhacasamhail de bharr Covid-19; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18392/20]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn ag cur bailchríoch ar shamhail sainaitheanta DEIS, bunaithe ar shonraí líon rolla agus na sonraí is déanaí atá ar fáil ó Dhaonáireamh 2016 faoi Innéacs Díothachta HP.

 Tá an obair go maith chun cinn agus tús curtha leis an gcéim thosaigh den phróiseas comhairliúcháin le hionadaithe páirtithe leasmhara oideachais ar na gnéithe teicniúla de shamhail sainaitheanta DEIS. Táthar ag dúil gurb é toradh na samhla seo bonn chun córas leithdháilte acmhainn DEIS a fhorbairt agus acmhainní a mheaitseáil le riachtanas sainaitheanta.

Tá mé cinnte go n-éascófar, ar chur i gcrích na hoibre seo, an aidhm fhoriomlán acmhainní a mheaitseáil le riachtanas sainaitheanta agus go gcuirfear ar ár gcumas acmhainní breise a dhíriú ar na scoileanna sin is mó a bhfuil siad de dhíth orthu. Go dtí go gcuirfear an obair seo i gcrích níl sé beartaithe scoileanna ar bith eile a chuimsiú i gclár DEIS.

 Comhairle ar shláinte phoiblí a bhí mar bhonn agus taca leis an teagmháil uile le comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara oideachais i dtéarmaí pleanáil agus treoir a thabhairt do scoileanna maidir le socruithe lóistíochta agus curaclaim agus na ceisteanna a d'ardaigh an Teachta Dála.

Sa Treoir um Fhilleadh Iomlán ar an Scoil, tá bearta breise leagtha amach a mbeidh costas níos mó ná €375m, chun tacú le scoileanna athoscailt go mall i mí Lúnasa.

Top
Share