Tá mo Roinn ag cur bailchríoch ar shamhail sainaitheanta DEIS, bunaithe ar shonraí líon rolla agus na sonraí is déanaí atá ar fáil ó Dhaonáireamh 2016 faoi Innéacs Díothachta HP.
Tá an obair go maith chun cinn agus tús curtha leis an gcéim thosaigh den phróiseas comhairliúcháin le hionadaithe páirtithe leasmhara oideachais ar na gnéithe teicniúla de shamhail sainaitheanta DEIS. Táthar ag dúil gurb é toradh na samhla seo bonn chun córas leithdháilte acmhainn DEIS a fhorbairt agus acmhainní a mheaitseáil le riachtanas sainaitheanta.
Tá mé cinnte go n-éascófar, ar chur i gcrích na hoibre seo, an aidhm fhoriomlán acmhainní a mheaitseáil le riachtanas sainaitheanta agus go gcuirfear ar ár gcumas acmhainní breise a dhíriú ar na scoileanna sin is mó a bhfuil siad de dhíth orthu. Go dtí go gcuirfear an obair seo i gcrích níl sé beartaithe scoileanna ar bith eile a chuimsiú i gclár DEIS.
Comhairle ar shláinte phoiblí a bhí mar bhonn agus taca leis an teagmháil uile le comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara oideachais i dtéarmaí pleanáil agus treoir a thabhairt do scoileanna maidir le socruithe lóistíochta agus curaclaim agus na ceisteanna a d'ardaigh an Teachta Dála.
Sa Treoir um Fhilleadh Iomlán ar an Scoil, tá bearta breise leagtha amach a mbeidh costas níos mó ná €375m, chun tacú le scoileanna athoscailt go mall i mí Lúnasa.