Aengus Ó Snodaigh
Question:99. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta an féidir léi a rá an bhfuiltear den tuiscint in a Roinn gur gá tabhairt faoin mbearna sa mhaoiniú poiblí a chuirfear ar fáil do TG4 don bhliain 2021 agus atá tuartha a bheith os cionn €4 milliún, ionas go mbeidh TG4 in ann an straitéis 2018-2022 atá comhaontaithe le hÚdarás Craolacháin na hÉireann a chomhlíonadh; agus cad iad na céimeanna atá glactha aici agus ag a Roinn chun déileáil leis an mbearna sin. [27696/20]
View answer