Aengus Ó Snodaigh
Question:47. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta an bhfuil coinníollacha teanga i bpleanáil tithíochta agus forbartha sna ceantair Ghaeltachta pléite aici leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, nó an bhfuil sé i gceist aici iad a phlé; cé na céimeanna atá i gceist aici chun pleanáil teanga agus pobal na Gaeilge a chosaint i gcúrsaí pleanála agus forbartha sna ceantair Ghaeltachta. [27398/20]
View answer