Aengus Ó Snodaigh
Question:162. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte an bhfuil sé ar an eolas go bhfuil comhairle fós á thabhairt don phobal ar an leathanach Covid-19 (Coróinvíreas): Comhairle ar an shuíomh Gov.ie gan maisc aghaidhe a chaitheamh, agus nach bhfuil aon fhianaise ann go mbaineann daoine nach bhfuil tinn aon tairbhí astu; cén fáth ina bhfuil sean-chomhairle dáinséarach as-dáta á thabhairt do phobal labhartha na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta agus é ráite ar an leathanach go bhfuil sé suas chun data leis an leagan Béarla; an bhfuil pobal labhartha na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta ceaptha neamhaird a dhéanamh as a stuama féin ar an gcomhairle Gaeilge atá ar fáil agus braith ar a dara teanga; an bhfuil sé seo sásúil ina thuairim; agus cad atá á dhéanamh aige chun é a réiteach. [35819/20]
View answer