Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Covid-19 Paindéim

Dáil Éireann Debate, Thursday - 10 December 2020

Thursday, 10 December 2020

Ceisteanna (162)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

162. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte an bhfuil sé ar an eolas go bhfuil comhairle fós á thabhairt don phobal ar an leathanach Covid-19 (Coróinvíreas): Comhairle ar an shuíomh Gov.ie gan maisc aghaidhe a chaitheamh, agus nach bhfuil aon fhianaise ann go mbaineann daoine nach bhfuil tinn aon tairbhí astu; cén fáth ina bhfuil sean-chomhairle dáinséarach as-dáta á thabhairt do phobal labhartha na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta agus é ráite ar an leathanach go bhfuil sé suas chun data leis an leagan Béarla; an bhfuil pobal labhartha na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta ceaptha neamhaird a dhéanamh as a stuama féin ar an gcomhairle Gaeilge atá ar fáil agus braith ar a dara teanga; an bhfuil sé seo sásúil ina thuairim; agus cad atá á dhéanamh aige chun é a réiteach. [35819/20]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl duit a Theachta as m'aird a tharraingt ar an ábhar tábhachtach seo. Tá cuardach déanta ag m'oifigigh agus tá gach leathanach a bhaineann leis an suíomh gov.ie agus comhairle faoi mhaisc aghaidhe atá eisithe ag an Roinn Sláinte suas chun dáta ar an leagan Bhéarla agus an leagan Gaeilge.

I would like to thank the Deputy for drawing my attention to this important matter. My officials have conducted a search and they have assured me all guidance relating to mask wearing issued by DoH is up to date on both the English and Irish versions.

Tugaim faoi dheireadh go bhfuil leathanach eile a chuir tú ar aghaidh chugam i mBéarla amháin. Baineann an leathanach seo leis an gcomhairle is déanaí maidir le Leibheál a 3. Is le Roinn an Taoisigh an leathanach seo agus tá ceist curtha agam orthu é a aistriú láithreach.

You also notified me of another page available in English only. This page related to the current Level 3 guidance. It is maintained by the Department of the Taoiseach - I have asked them to translate immediately.

Tuigim go maith cé chomh dáinséarach is atá sé eolas as dáta a chur ar fáil i nGaeilge do lucht labhartha na Gaeilge. Tá sé ráite go sonrach agam le m'oifigigh eolas a chur ar fáil i nGaeilge chomh luath 's atá an t-eolas céanna eisithe i mBéarla. 

I fully understand the dangers out of date information present to Irish speakers. I have made it clear to my officials that all information issued by the Department should be available in English and Irish simultaneously, 

Barr
Roinn