Skip to main content
Normal View

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 16 December 2020

Wednesday, 16 December 2020

Questions (56)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

56. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide cad iad na fadhbanna is práinní i leith seirbhísí faoi riar a Roinne a sholáthar trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta, agus cad atá beartaithe aige chun iad a réiteach. [43866/20]

View answer

Written answers

Leagann ár scéim Ghaeilge 2018-2021 amach ár n-uaillmhian maidir le soláthar seirbhísí agus eolais i nGaeilge. Tógann sí ar phrionsabail ár gCairte um Sheirbhís Ardchaighdeán do Chustaiméirí, agus cinntíonn sí go bhfreastalaítear ar dhaoine ar mhian leo a ngnó a dhéanamh i nGaeilge. De réir théarmaí tagartha na Roinne, ní sholáthraimid seirbhísí dílse i gceantair Ghaeltachta ach leagann ár scéim Ghaeilge amach ár dtiomantais i leith iad siúd ar mhian leo a ngnó a dhéanamh linn i nGaeilge, ina n-áirítear na ceantair Ghaeltachta.

Top
Share