Tá na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge liostaithe i Scéim Teanga reatha 2018-2021 mo Roinne agus is féidir teacht uirthi ar an láithreán gréasáin ag https://www.gov.ie/ga/eolas-eagraiochtai/1d7157-none/. Is í seo an tríú Scéim Roinne oifigiúil atá ullmhaithe ag mo Roinn mar atá éilithe faoi alt 15 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Maireann gach scéim acu ar feadh théarma trí bliana.
Áirítear ar roinnt de na gealltanais shonracha faoin scéim reatha go gcuirfí an Ghaeilge chun cinn laistigh den Roinn, trínar cuireadh imeachtaí cultúir agus sóisialta Gaeilge ar leith ar siúl agus a chinntiú go bhfuil teacht ag an bhfoireann ar chúrsaí oiliúna creidiúnaithe Gaeilge. Cuireadh le roinnt de na gealltanais atá sa scéim reatha i gcomparáid leis an leagan deiridh den Scéim - an méid preasráiteas a eiseofar i nGaeilge mar shampla.
Tá tús curtha ag mo Roinn ar a ceathrú Scéim Teanga atá le tabhairt isteach an chéad bhliain eile agus déanfaidh muid athbhreithniú ar an dul chun cinn atá bainte amach leis an Scéim reatha. Lorgaíomar aighneachtaí ón bpobal le gairid maidir leis an Scéim nua agus breithneoimid aighneachtaí a gheobhaimid in am trátha.