Skip to main content
Normal View

Forbairt Calaí agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 13 January 2021

Wednesday, 13 January 2021

Questions (1197)

Éamon Ó Cuív

Question:

1197. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cén uair atá sé i gceist aici go mbeidh deis ag ionadaithe ó Phobal Inis Meáin scrúdu a dhéanamh ar an obair atá déanta ar riachtanais na hoibre ar Ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin ag comhairleoirí i gCorcaigh, cibé acu go fisiciúil nó go fíorúil, de bharr na práinne a bhaineann le dul ar aghaidh le hobair phleanála ar an gCé seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1368/21]

View answer

Written answers

Tá teagmháil rialta idir oifigigh na Roinne agus oifigigh an Chomhairle Contae chun forbairt an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin, agus an cheist sonrach seo  a phlé. 

Tuigtear dom nach raibh rochtain ar an áis NMCI ag an Comhairle Contae ná ag ionadaithe ó phobal Inis Meáin fós de bharr na srianta ag eascairt as COVID-19. 

Cé go raibh súil go mbeadh bealach éigin an t-eolas seo a chur i láthair go fíorúil, tá ráite anois nach féidir sin a dhéanamh.  Idir an dá linn, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag plé go leanúnach leis an NMCI faoi bhealaí chun an obair a bhrú chun cinn agus chun teacht ar réiteach le cinntiú go mbeidh ar a gcumas deis a thabhairt do ionadaithe ón oileán a bheith páirteach, ag cur san áireamh na treorlínnte maidir le sláinte poiblí agus srianta taistil.

Top
Share