Éamon Ó Cuív
Question:1198. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le forbairt na cé in Inis Oírr; an bhfuil cás gnó maidir leis an gcé curtha chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus, más amhlaidh go bhfuil, cathain a cuireadh ar aghaidh é; cad iad na staidéir a chaithfear a dhéanamh fós sula mbeidh tairiscintí á lorg don togra; cén staid ag a bhfuil na staidéir sin agus cén uair a mheastar go mbeidh siad ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1661/21]
View answer