Mar is eol don Teachta, is é príomhchuspóir an Bhille seo Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú ionas go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí phoiblí trí Ghaeilge agus líon na gcainteoirí Gaeilge a earcaítear sa seirbhís phoiblí a mheadú.
Foilsíodh an Bille i Nollaig 2019 agus b'é an cáineadh is mó a rinneadh air go raibh easpa spriocdhátaí luaite le cuid de na beartais. Tá iarracht déanta dul i ngleic leis sin anois agus na leasuithe seo á moladh ag an Rialtas:
- An Coiste Comhairleach reachtúil um Sheirbhísí le bunú tráth nach ndéanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe;
- An Plean Náisiúnta ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú le bheith ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach ndéanaí ná dhá bhliain tar éis bhunú an Choiste Chomhairligh; agus,
- 20% d’earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí le bheith inniúil sa Ghaeilge tráth nach ndéanaí ná 2030.
Tá os cionn 300 leasú curtha síos don Bhille agus é á phlé ag Céim an Choiste faoi láthair. Tá geallta agam cheana féin go ndéanfaidh mé roinnt de na leasaithe sin a bhreithniú agus go dtiofaidh mé ar ais ag Céim na Tuarascála le moltaí ina leith. Táim muiníneach go mbeidh an Bille i bhfad níos láidre nuair a achtófar é agus ciallaíonn sé éagsúil ón leagan a foilsíodh i 2019. Tá obair leanúnach ar bun maidir leis an Anailís Tionchair Rialála i leith an Bhille mar go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar chuid de na leasuithe is suntasaí atá á mbreithniú anois ag Céim an Choiste. É sin ráite, táthar ag súil go mbeifear réidh le haghaidh Anailís Tionchair Rialála a fhoilsiú roimh Céim na Tuarascála sa Dáil.