Skip to main content
Normal View

Schools Building Projects

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 19 May 2021

Wednesday, 19 May 2021

Questions (147)

Gary Gannon

Question:

147. D'fhiafraigh Deputy Gary Gannon den Aire Oideachais ag eascairt as ceist 146, an 4ú Márta 2021, cathain a bheidh scoil (sonraí tugtha) i gContae Bhaile Átha Cliath in ann bogadh isteach san fhoirgneamh nua sealadach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27115/21]

View answer

Written answers

Cuireadh moill ar aistriú na cóiríochta sealadaí nua maidir leis an scoil dá dtagraíonn an Teachta. Is é an chúis atá leis an moill ná go bhfuil mo Roinn ag fanacht le rannpháirtíocht ó ESB Networks ar an láithreán.

Leanfaidh oifigigh mo Roinne orthu ag coinneáil comhlacht pátrúnachta na scoile ar an eolas go hiomlán maidir leis an tionscadal seo.

Top
Share