An mhí seo caite, rinneadh cinneadh nach bhféadfadh coláistí Gaeilge feidhmiú den dara bhliain as a chéile mar gheall ar COVID-19. Rinneadh an cinneadh tar éis dom dul i ndáil comhairle le páirtithe leasmhara - idir lucht lóistín, lucht stiúrtha na gcoláistí agus lucht stiúrtha hallai pobail ábhartha na Gaeltachta araon.
Agus an cinneadh á dhéanamh, tógadh san áireamh an imní shuntasach a bhí le sonrú faoi shláinte phoiblí agus faoi shábháilteacht theaghlaigh Ghaeltachta agus phobail áitiúla i dtaca le COVID-19 dá reáchtálfaí cúrsaí samhraidh.
Tuigim go mbeidh díomá ar go leor daoine dá bharr seo, go háirithe ar na daoine óga a bhí ag súil le freastal ar chúrsa i mbliana. Tuigim chomh maith céanna na himpleachtaí a bhaineann leis an gcinneadh seo do gheilleagar na Gaeltachta, a bhraitheann cuid mhaith ar na coláistí samhraidh.
Mar a luaigh mé, bhí sraith cruinnithe ar líne agam féin agus ag feidhmeannaigh mo Roinne le roinnt seachtainí anuas chun tuairimí agus moltaí faoin ábhar a chloisteáil go díreach ó na páirthe leasmhara. Bhí cruinnithe againn le grúpa ionadaíochta na dteaghlaigh Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí samhraidh, le scáthghrúpa na gColáistí Samhraidh, CONCOS, agus le grúpa ionadaíochta na hallaí pobail Gaeltachta a bhaineann na coláistí samhraidh leas astu.
Bhí an plé sin thar a bheith tairbheach domsa mar Aire agus chabhraigh sé go mór dom léargas níos fearr a fháil ar na deacrachtaí agus na tosaíochtaí atá ag na páirithe leasmhara in earnáil na gColáistí Samhraidh.
Tá obair idir lámha faoi láthair ag an Roinn i dtreo ciste cobhsaithe cuí a chur i dtoll a chéile don earnáil.
Táim muiníneach gur féidir teacht ar réiteach sna seachtainí atá romhainn a chinnteoidh go mbeidh teacht aniar ann don earnáil tábhachtach seo ionas go mbeidh sí in ann leanúint ar aghaidh in 2022 agus sna blianta amach romhainn.