Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 22 June 2021

Tuesday, 22 June 2021

Ceisteanna (122)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

122. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus sinn leath bealaigh tríd an samhradh anois, an bhfuil aon dul chun cinn déanta aici ar an scéim cúitimh a gheall sí do choláistí Gaeltachta, mná agus fir tí, agus hallaí pobail sa Ghaeltacht; an bhfaighfidh na daoine atá ag brath ar an earnáil sin aon airgead roimh dheireadh an tsamhraidh; agus an raibh aon chruinnithe aici nó ag an Aire Stáit ó glacadh an cinneadh na coláistí samhraidh a chur ar cheal arís i mbliana. [33233/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

An mhí seo caite, rinneadh cinneadh nach bhféadfadh coláistí Gaeilge feidhmiú den dara bhliain as a chéile mar gheall ar COVID-19. Rinneadh an cinneadh tar éis dom dul i ndáil comhairle le páirtithe leasmhara - idir lucht lóistín, lucht stiúrtha na gcoláistí agus lucht stiúrtha hallai pobail ábhartha na Gaeltachta araon.

Agus an cinneadh á dhéanamh, tógadh san áireamh an imní shuntasach a bhí le sonrú faoi shláinte phoiblí agus faoi shábháilteacht theaghlaigh Ghaeltachta agus phobail áitiúla i dtaca le COVID-19 dá reáchtálfaí cúrsaí samhraidh.

Tuigim go mbeidh díomá ar go leor daoine dá bharr seo, go háirithe ar na daoine óga a bhí ag súil le freastal ar chúrsa i mbliana. Tuigim chomh maith céanna na himpleachtaí a bhaineann leis an gcinneadh seo do gheilleagar na Gaeltachta, a bhraitheann cuid mhaith ar na coláistí samhraidh.

Mar a luaigh mé, bhí sraith cruinnithe ar líne agam féin agus ag feidhmeannaigh mo Roinne le roinnt seachtainí anuas chun tuairimí agus moltaí faoin ábhar a chloisteáil go díreach ó na páirthe leasmhara. Bhí cruinnithe againn le grúpa ionadaíochta na dteaghlaigh Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí samhraidh, le scáthghrúpa na gColáistí Samhraidh, CONCOS, agus le grúpa ionadaíochta na hallaí pobail Gaeltachta a bhaineann na coláistí samhraidh leas astu.

Bhí an plé sin thar a bheith tairbheach domsa mar Aire agus chabhraigh sé go mór dom léargas níos fearr a fháil ar na deacrachtaí agus na tosaíochtaí atá ag na páirithe leasmhara in earnáil na gColáistí Samhraidh.

Tá obair idir lámha faoi láthair ag an Roinn i dtreo ciste cobhsaithe cuí a chur i dtoll a chéile don earnáil.

Táim muiníneach gur féidir teacht ar réiteach sna seachtainí atá romhainn a chinnteoidh go mbeidh teacht aniar ann don earnáil tábhachtach seo ionas go mbeidh sí in ann leanúint ar aghaidh in 2022 agus sna blianta amach romhainn.

Question No. 123 answered with Question No. 79.
Barr
Roinn