Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 June 2021

Thursday, 24 June 2021

Questions (303)

Éamon Ó Cuív

Question:

303. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist go mbeidh sonraíocht churaclaim T1 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta ar fáil do dhaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34075/21]

View answer

Written answers

Tá an dréachtshonraíocht T1 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta atá foilsithe faoi láthair ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) le haghaidh comhairliúcháin dírithe ar chainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí i scoileanna Gaeltachta, agus ar scoláirí i scoileanna agus in aonaid a fheidhmíonn trí Ghaeilge.

Mar is amhlaidh i gcás na sraithe sóisearaí, agus gan a bheith ag iarraidh toradh an chomhairliúcháin a réamhghabháil, beidh sé de rogha ag scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla an tsonraíocht T1 a sholáthar laistigh dá n-acmhainní freisin.

Tá síneadh curtha ag an CNCM leis an dáta deiridh don chomhairliúchán go dtí an 30 Samhain 2021.

Top
Share