Tá an dréachtshonraíocht T1 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta atá foilsithe faoi láthair ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) le haghaidh comhairliúcháin dírithe ar chainteoirí dúchais agus foghlaimeoirí i scoileanna Gaeltachta, agus ar scoláirí i scoileanna agus in aonaid a fheidhmíonn trí Ghaeilge.
Mar is amhlaidh i gcás na sraithe sóisearaí, agus gan a bheith ag iarraidh toradh an chomhairliúcháin a réamhghabháil, beidh sé de rogha ag scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla an tsonraíocht T1 a sholáthar laistigh dá n-acmhainní freisin.
Tá síneadh curtha ag an CNCM leis an dáta deiridh don chomhairliúchán go dtí an 30 Samhain 2021.