Skip to main content
Normal View

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 July 2021

Tuesday, 27 July 2021

Questions (568)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

568. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é méid an chaiteachais a leithroinneadh chun ionaid pobail Gaeilge agus Cultúrlanna a bhunú agus a reáchtáil sa stát, cé mhéad ionad atá bunaithe agus atá le bunú, cé mhéad Cultúrlann atá bunaithe agus atá le bunú, agus an ndéanfaidh sí miondealú a ar an maoiniú atá tugtha do gach ionad nó Cultúrlann le cúig bliana anuas. [40727/21]

View answer

Written answers

Tugadh gealltanas sonrach i gClár an Rialtais go “ndéanfar forbairt Ionaid Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre a chur chun cinn ar mhaithe le cur chuige pobail-bhunaithe i leith chur chun cinn na Gaeilge”.

Dar ndóigh, ní dhearnadh leis an ngealltanas seo ach tógáil ar an méid a gealladh roimhe seo i leith na nIonad Gaeilge faoi Phlean Gníomhaíochta an Rialtais 2018-2022 don Ghaeilge (gníomh 4.12 agus 4.13 go sonrach) agus faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 (faoi Thionscadal Éireann 2040).

Ar bhonn praiticiúil, déanann mo Roinnse tacaíocht shonrach a thabhairt d’fhorbairt Ionad Gaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht, tríd na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge, le hallúntas de €2 mhilliún ann i mbliana.

Is féidir le coistí/eagraíochtaí pobalbhunaithe, a fheidhmíonn trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, iarratas a dhéanamh faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge na Roinne. Cuirtear maoiniú ar fáil chun cabhrú leis na costais a bhaineann le hionaid Ghaeilge a thógáil/athchóiriú agus chun foirgnimh a cheannach le húsáid mar ionad Gaeilge agus trealamh a cheannach dá leithéid d’ionaid.

Is é an cuspóir atá leis an gcuidiú caipitil a chuirtear ar fáil faoin gciste seo an Ghaeilge a threisiú mar theanga pobail agus teaghlaigh i gcomhréir le cuspóirí Acht na Gaeltachta 2012 agus na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá tuilleadh eolais faoin scéim seo le fáil ar shuíomh idirlín na Roinne.

Mar a luaigh mé agus an t-ábhar ceanna faoi chaibidil agat cúpla mí ó shin, is iondúil gur ó dháta bunaithe na Roinne nua ar féidir ceisteanna den saghas seo a fhreagairt. Arís, ar mhaithe le heolas iomlánach a chur ar fáil faoin scéim shonrach a bhaineann leis na hIonaid Ghaeilge, feicfidh an Teachta go bhfuil na sonraí a iarradh ó 2018 ar aghaidh curtha ar fáil thíos - i ndáil leis na gealltanais a tugadh ó 2018 ar aghaidh sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 agus sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027. Is íocaíochtaí iad seo a rinne an Roinn go díreach leis na heagraíochtaí seo.

Ó thaobh caiteachas de, nil aon athrú mór ó d’fhreagair mé ceist uait ar an ábhar ceanna cúpla mí ó shin.

Ionaid Ghaeilge faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Clár Caipitil): 2018 go dáta

Eagraíocht/Ionad Gaeilge

Méid Íoctha

Conradh na Gaeilge – Forbairt ar Lárionad Gaeilge i mBÁC

2018: €22,000 (Staidéar Féidearthachta) 2019: €42,500

Gaelphobal Thamhlachta (BÁC)

2019: €23,290

Áras Chrónáin (Cluain Dolcáin, BÁC)

2019: €31,825

Áras Mhic Amhlaigh (Cnoc na Cathrach, Gaillimh)

2020: €730,938 2021: €6,628

Anuas ar an méid thuas, tá tograí eile a d’fhéadfaí a aithint mar ‘Ionad Gaeilge’ nach dtagann faoin scéim thuasluaite. Tá sonraí na gceann sin a rinneadh íocaíocht leo ó mhí Mheán Fómhair 2020, go dáta - i gcomhréir le bunú oifigiúil na Roinne nua - le feiceáil sa tábla thíos. Tá siad seo uile lonnaithe laistigh den Ghaeltacht.

Tograí aitheanta eile: Meán Fómhair 2020 go dáta

Eagraíocht/Ionad Gaeilge

Saghas Íocaíochta

Méid Íoctha

Áras Scéal an Atlantaigh Fhiáin (Maigh Eo)

Íoctha tríd Údarás na Gaeltachta faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

2020: €316,000

Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh (Gaillimh)

Íoctha tríd Údarás na Gaeltachta faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

2020: €110,848

Comhlacht Forbartha Inis Meáin – Carcair an Leacht (Gaillimh)

Íoctha go díreach faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

2020: €14,325 (Seirbhísí Gairmiúla) 2020: €77,032 2021: €64,456

Áislann Chill Chartha (Dún na nGall)

Íoctha go díreach faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga

2020: €2,991

Top
Share