Fógraíodh €16.362m i Meastacháin Athbhreithnithe mo Roinne le haghaidh 2021 i leith comhoibriú Thuaidh Theas. Tá an maoiniú seo briste síos mar a leanas:
An Foras Teanga Thuaidh Theas
|
|
|
Foras na Gaeilge
|
€12,062,225
|
Sciar 75% ón deisceart
|
Gníomhaireacht na hUltaise
|
€732,465
|
Sciar 25% ón deisceart
|
Buiséad an Fhoras Teanga faofa ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT)
|
€12,794,690
|
|
Clár na Leabhar Gaeilge
|
€1,061,165
|
100% ón deisceart
|
Colmcille
|
€118,519
|
50% ón deisceart
|
Airgead teagmhasach
|
€787,626
|
|
Buiséad táscach an Fhoras Teanga C.9
|
€14.762m
|
|
New Decade, New Approach 2021
|
€1.6
|
100% ón deisceart
|
Mór iomlán C.9 2021
|
€16.362m
|
|
Ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta gur buiséad táscach atá anseo sa €14.762m, a chuimsíonn buiséad faofa an Fhoras Teanga Thuaidh Theas (Foras na Gaeilge 75%; Gníomhaireacht na hUltaise 25%), maoiniú imfhálaithe Chlár na Leabhar Gaeilge (100%) agus Colmcille (50%) agus airgead teagmhasach a coinnítear ar leataobh le freastal ar athuithe i rátaí malartaithe airgid agus cnapshuimeanna pinsin de chuid Fhoras na Gaeilge agus Ghníomhaireacht na hUltaise. I gcás go mbíonn fuílleach fágtha sa bhfomhír ag deireadh na bliana, dáiltear é ar thionscadail riachtanacha eile de chuid mo Roinne in earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Is í an Roinn Pobal ó thuaidh, an Roinn urraíochta eile de chuid an Fhoras Teanga, a íocann an céatadán eile de bhuiséad an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas agus scéim Colmcille.