Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga atá á bhrú chun cinn faoi réir Acht na Gaeltachta, 2012.
San iomlán, tá pleananna do 23 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, 4 Baile Seirbhíse Gaeltachta agus 3 Líonra Gaeilge ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga, go dáta.
Tháinig ardú suntasach ar an maoiniú atá ar fáil don phróiseas i mbuiséad 2021. San iomlán, is buiséad suas le €5m atá ar fáil d’ullmhú agus feidhmiú pleananna teanga in éineacht le raon tacaíochtaí don phróiseas go lárnach sná réimsí teaghlaigh, luathbhlianta agus sna ealaíona traidisiúnta.
Mar a bhaineann sé le Baile Átha Cliath, is fiú a aithint go mbaineann ceann do na Líonraí Gaeilge atá ceadaithe le Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath. Ceadaíodh plean teanga Chluain Dolcáin in Eanáir 2020 agus cuirfear maoiniú ar fáil d’fheidhmiú plean teanga an cheantair dá bharr.
Sa bhreis air sin, tá an Rialtas ag tacú le forbairt Ionad Cultúrtha don Ghaeilge i lár chathair Bhaile Átha Cliath faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus Tionscadal Éireann 2040.
Tá comhráití ar bun ag oifigigh mo Roinne le Conradh na Gaeilge faoi láthair maidir leis an bhféidearthacht an Ghaeilge a chur chun cinn i measc lucht ghnó na hardchathrach agus, níos faide anonn, plean teanga cuimsitheach a fhorbairt don chathair.