Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 October 2021

Tuesday, 19 October 2021

Questions (408)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

408. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén fáth nach bhfuil aon tagairt sa Bhuiséad don Chiste Cobhsaíochta geallta do Choláistí Samhraidh Gaeltachta le roinnt míonna anuas, agus cathain a chuirfear maoiniú ar fáil dó. [50753/21]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, baineann Buiséad 2022 le gnóthaí airgeadais na bliana seo chugainn agus ní leis an mbliain reatha. De thoradh COVID-19 beidh a fhios ag an Teachta gur cuireadh dhá chiste cobhsaithe faoi leith ar bun in 2021 ar leas lucht lóistín na hearnála agus lucht stiúrtha hallaí pobail na Gaeltachta a mbaintear úsáid astu mar chóiríocht teagaisc agus siamsaíochta. 

Agus na cistí sin á gcur le chéile, ar fiú beagnach €2.5m iad, cuireadh san áireamh oiread agus is féidir, an t-aiseolas a fuarthas mar chuid de phróiseas comhairliúcháin a d'eagraigh mo Roinn níos túisce i mbliana.  Maidir le cás na gcoláistí iad féin aithníodh go mbeadh cur chuige ina leith níos casta ná anuraidh.

Pé scéal é, tá an obair ullmhúcháin maidir le dearadh agus ullmhú ciste cobhsaithe ina leith nach mór críochnaithe anois ag an Roinn i dtreo a bheith in ann beart eile faoi leith ar leas na gcoláistí a fhógairt gan rómhoill eile. 

De thoradh sin go léir, táim sásta go mbeidh teacht aniar rathúil ann do chóras na gcoláistí in 2022.

Top
Share