Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 October 2021

Tuesday, 19 October 2021

Questions (412)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

412. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil machnamh déanta aici ar na moltaí leagtha síos i mBuiséad Malartach Shinn Féin i dtaobh Athbheochan na Gaeilge agus na Gaeltachta, a foilsíodh an 11 Deireadh Fómhair, agus cén freagra atá aici ar na moltaí a cuireadh chun cinn ann, go háirithe an moladh maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais. [50759/21]

View answer

Written answers

Is sa Bhuiséad a fógraíodh an tseachtain seo caite, a leagadh amach tosaíocht an Rialtais maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht do 2022.

Ag eascairt as Buiséad 2022, cuirfear cistíocht bhreise ar fáil ar leas foriomlán na Gaeilge agus na Gaeltachta. Seo a leanas coimriú ar na harduithe:

- Maoiniú breise reatha de €1.5m ar fáil d’Údarás na Gaeltachta.

- Ciste breise €1m ar fáil faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga mo Roinne (idir chaipiteal agus reatha);

- Ardú €2.3m ar fáil do mo Roinn le haghaidh a Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht;

- Cistíocht bhreise ar fiú €800,000 ar fáil chun tacú leis an bPóiseas Pleanála Teanga;

- €700,00 breise ar fáil ón Rialtas ó dheas don bhForas Teanga; 

- Infheistíocht bhreise €4.2m ar fáil do TG4 mar léiriú ar a thábhacht do chur i bhfeidhm na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge.

- Acmhainní breise ar fáil don Roinn agus d’Oifig an Choimisinéara Teanga araon in 2022 chun Acht na dTeangacha oifigiúla leasaithe a chur i bhfeidhm agus chun a chumasú don Choimisinéir a chuid córas monatóireachta a neartú.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, beidh €14.450m in airgead caipitil ar fáil don Údarás an bhliain seo chugainn, méadú de 60% ar an allúntas a bhí ag an eagraíocht in 2019.  Mar is eol don Teachta, tugadh méadú suntasach breise don Údarás i mbliana le dul i ngleic leis na fadhbanna a chruthaigh an phaindéim dá gcuid cliantchomhlachtaí.  I mbliana, táthar ag deimhniú go bhfuil an t-airgead sin coinnithe ag an Údaráis – rud a dhéanfaidh difríocht ollmhór don eagraíocht agus iad ag pleanáil do na blianta amach romhainn. 

Anuas air seo, beidh €1.5m breise in airgead reatha ag an Údarás in 2022. Tabharfaidh sé seo deis don Údarás tuilleadh airgid a chur i dtreo earnáil na turasóireachta sa Ghaeltacht – earnáil atá fós ag fulaingt de bharr na paindéime.  Chomh maith leis sin, cuirfidh sé seo ar chumas an Údaráis tuilleadh airgid a chur i dtreo na gcomharchumann Gaeltachta – gréasán de struchtúir áitiúla a rinne obair den scoth le bliain go leith anuas le tacú le pobail faoi mhí-bhuntáiste i roinnt de na ceantair is iargúlta sa tír. 

Ní áirítear sa bhfigiúr caipitil thuasluaite na deiseanna atá agus a bheidh ar fáil ag an Údarás chun leas a bhaint as cistí caipitil eile an státchiste.

Maidir leis an bhForas Teanga, cuireadh suim de €1.7m breise isteach sa bhuiséad Thuaidh/Theas i mbliana le hairgead New Decade, New Approach san aireamh. Ba mhéadú suntasach a bhí ann, an céad mhéadú ó 2016.  Beidh an Roinn ag tógáil ar an dul chun cinn sin an bhliain seo chugainn leis an allúntas breise de €700,000 atá fógartha.  Dár ndóigh, beidh sciar an Tuaiscirt le cur leis sin. Cuirfear tús anois le comhráití leis an Roinn Pobal ó thuaidh féachaint an bhfuil an sciar sin ar fáil.  Ní thosaíonn bliain airgeadais an Tuaiscirt, dár ndóigh, go dtí Aibreán. Beidh sé tamaillín eile, dá bharr, sula mbeidh deimhniú againn go mbeidh an sciar sin ar fáil. É sin ráite, fiú mura mbeidh, is féidir a dheimhniú nach gcaillfear an t-airgead breise seo ó earnáil na Gaeilge.

Maidir leis an bproiséas pleanála teaga, tá arduithe á gcur ar fáil gach bliain don phróiseas ó cuireadh tús leis agus tá ardú eile ceadaithe do 2022. Táim sásta gur leor an t-ardú €800k,000 atá fógartha chun cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an phróisis an bhliain seo chugainn. 

Is gá a chur san áireamh chomh maith ar ndóigh go rachaidh an t-ardú €1m don Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (idir chaipiteal agus reatha) agus an ciste breise caipitil do thograí caiptil lasmuigh den Ghaeltacht ar leas an phróisis agus ar leas na Gaeilge chomh maith.

Maidir le hEarnáil na gColáistí Gaeilge tá céimeanna glachta chun cabhrú tuilleadh le hearnáil na gColáistí Gaeilge i mbliana. Tá i gceist ciste eile faoi leith a fhógairt go luath i mbliana ar leas na gcoláistí. Tiocfaidh sé seo ar shála an méid a d’fhógair mé roimhe seo ar leas lucht lóistín an chórais agus ar leas hallaí pobail na Gaeltachta.

Maidir le 2022 agus an earnáil, tá i gceist breathnú ar bheart nó dhó eile a chabhróidh tuilleadh le deiseanna freastal ar choláistí Gaeilge agus a bheidh ar leas na hearnála dá réir. Beidh an Roinn ag teacht chun cinn le moltaí sonracha faoi seo uile in am tráth agus leanfar ag féachaint chuige go mbaintear an tairbhe is fearr as an gciste ardaithe.

Is ar fheidhmiú leanúnach foriomlán an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 agus na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge a bheidh an clár oibre do 2022 dírithe.  Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta cad a dhéanfaidh gach ceann den c. 60 páirtí leasmhar chun cabhrú le cur chun feidhme an tuairim is 180 beart atá sa phlean.  Mar a luaigh mé, leis an gciste breise a bheidh ar fáil an bhliain seo chugainn beifear in ann cabhrú tuilleadh le feidhmiú na mbearta sin. Tá i gceist an dara tuairisc ar chur i bhfeidhm an phlean a fhoilsiú go luath thar ceann an Rialtais. Leagfar amach ann an méid a rinne na páitrithe ar fad – mo Roinn san áireamh - maidir le feidhmiú an phlean ó mhí Iúil 2019 go dtí Nollaig 2020.

Maidir le cistíocht bhreise na Gaeilge agus na Gaeltachta go ginearálta, beidh mo Roinn ag breathnú ar cad go mba chóir a dhéanamh leis an gciste ardaithe chun go mbeifear in ann an leas is fearr is féidir a bhaint as sa bhliain atá romhainn.

Top
Share