Skip to main content
Normal View

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 19 October 2021

Tuesday, 19 October 2021

Questions (413)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

413. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é a tuairim faoi leasuithe 56 agus 57 a bhí molta ag Céim na Tuarascála ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, go háirithe i ndáil le tuarascáil a ullmhú maidir le conas dátheangachas a chinntiú i gcás lipéid agus pacáistiú táirgí i siopaí, mar atá déanta i gCeanada, agus an bhfuil sé i gceist aici aon tuarascáil den saghas sin a chur i dtoll a chéile agus a fhoilsiú. [50761/21]

View answer

Written answers

Is minic pacáistiú dátheangach pléite ag Céim an Choiste agus Céim na Tuarascála de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019. Thug mé géar-éisteach don méid a bhí le rá ag Teachtaí an fhreasúra le linn na díospóireachta sin ar an ábhar. Ní mór a threisiú go dtiteann an t-ábhar seo taobh amuigh de scóip an Bhille agus mar sin, ní bheidh sé le cur san áireamh ann. Ní mór a rá freisin go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 infheidhme do comhlachtaí poiblí agus seirbhísí phoiblí amháin agus, mar sin, níl forálacha an Achta infheidhmithe do comhlachtaí príobháideacha.

Tá tiomantas tugtha i RÉIMSÍ GNÍMH 6.8– AN SAOL EACNAMAÍOCHTA de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfiosrófaí an fhéidearthacht cód deonach a thabhairt isteach do lipéadú agus do phacáistiú dátheangach i gcás gach earra a dhíoltar in Éirinn. D’fhéadfaí an gníomh sin a úsáid mar mheicníocht chun forbairt a dhéanamh ar raon na réimsí inar féidir le daoine Gaeilge a roghnú mar theanga tráchtála.  Tá teagmháil déanta le mo Roinn freisin ag lucht eagair feachtais atá ar bun le lipéadú dátheangach ar phacáistí a chur chun cinn agus, táthar ag breathnú, dá bharr, ar an bhféidearthacht tabhairt faoi thaigde le sprioc 6.8 thuas a bhaint amach.

In Alt 2.8.1.2 de Phlean Gníomhaíochta Gaeilge an Rialtais 2018-2022, sonraítear go soláthróidh Foras na Gaeilge, i gcomhar le páirtithe ábhartha, raon bearta le tacaíochta a sholáthar d'úsáid na Gaeilge in earnáil an ghnó agus sa saol eacnamaíochta. Ar mhaithe leis an ngealltanas sin a chomhlíonadh, tá na tionscnaimh seo ar bun ag Foras na Gaeilge:

- Scéim tacaíochta maoinithe dírithe ar Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide: Scéim deontais í seo ina bhfuil maoiniú meaitseála oiread agus €3,000 ar fáil chun tacú le comharthaíocht, stáiseanóireacht, ábhair margaíochta chlóite, suíomhanna idirlín agus ábhair brandála eile a fhorbairt go gairmiúil i nGaeilge nó go dátheangach

- Pacáiste Acmhainní Tacaíochta do Ghnólachtaí: Tá 31 saináis tacaíochta don earnáil ghnó ar fáil saor in aisce ón gcóras féinordaithe. Mar chuid den phacáiste tacaíochta, tá rogha comharthaí féinghreamaithe, suaitheantais, bileoga agus earraí tacaíochta eile chun cur le hinfheictheacht na Gaeilge i dtimpeallacht ghnó

- Treoirleabhráin ar DheaChleachtais: Mar chuid de shraith foilseachán, foilsíodh dhá threoirleabhrán chun treoir phraiticiúil a thabhairt don earnáil gnó ar úsáid an dátheangachais: ‘Comharthaíocht Dhátheangach’ agus ‘Pacáistíocht Dhátheangach’.

Beidh an chéad treoirleabhrán eile dírithe ar úsáid an  dátheangachais go leictreonach agus ar shuíomhanna idirlín.

Top
Share