Skip to main content
Normal View

Maoiniú Comharchumann agus Comhlachtaí Pobalbhunaithe

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 January 2022

Thursday, 20 January 2022

Questions (129)

Éamon Ó Cuív

Question:

129. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén t-airgead breise atá curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta don bhliain 2022 le haghaidh na gcomharchumann agus na n-eagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1361/22]

View answer

Written answers

Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhomhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear cúnamh ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ina thaobh sin, tá €5.75 milliún curtha ar fáil don Údarás faoin bhfómhír seo do 2022.  Is ionann sin agus allúntas breise ar fiú €1m é le hais allúntas 2021. Cuirfidh sé seo ar chumas an Údaráis tuilleadh airgid a chur i dtreo na gcomharchumann agus na n-eagraíochta pobalbhunaithe ar fud na Gaeltachta, chun tacú leo a gcláir oibre a chur i bhfeidhm.

Mar is eol don Teachta, is é Údarás na Gaeltachta  - faoi stiúir foriomlán bhord na heagraíochta - a dhéanann an chistíocht seo seo a bhainistiú agus a dháileadh i gcomhréir leis na tosaíochtaí mar a aithníonn siad féín iad.

Aithnítear go forleathan, ar ndóigh, an tábhacht ollmhór atá ag baint leis na comharchumainn agus na heagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta a chuireann réimse leathan seirbhísí, áiseanna agus tacaíochtaí ar fáil ina gceantair feidhme.

Questions Nos. 130 and 131 answered orally.
Top
Share