Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhomhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear cúnamh ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ina thaobh sin, tá €5.75 milliún curtha ar fáil don Údarás faoin bhfómhír seo do 2022. Is ionann sin agus allúntas breise ar fiú €1m é le hais allúntas 2021. Cuirfidh sé seo ar chumas an Údaráis tuilleadh airgid a chur i dtreo na gcomharchumann agus na n-eagraíochta pobalbhunaithe ar fud na Gaeltachta, chun tacú leo a gcláir oibre a chur i bhfeidhm.
Mar is eol don Teachta, is é Údarás na Gaeltachta - faoi stiúir foriomlán bhord na heagraíochta - a dhéanann an chistíocht seo seo a bhainistiú agus a dháileadh i gcomhréir leis na tosaíochtaí mar a aithníonn siad féín iad.
Aithnítear go forleathan, ar ndóigh, an tábhacht ollmhór atá ag baint leis na comharchumainn agus na heagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta a chuireann réimse leathan seirbhísí, áiseanna agus tacaíochtaí ar fáil ina gceantair feidhme.