Skip to main content
Normal View

Cumarsáid Aireachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 2 March 2022

Wednesday, 2 March 2022

Questions (115)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

115. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil sé chun iarraidh a dhéanamh ar údaráis na Breataine fiosrúchán oifigiúil a dhéanamh faoi chrochadh Phádraig Uí Dhomhnaill as Gaoth Dobhair i Londain sa bhliain 1883 i bhfianaise an eolais úir atá tagtha chun cinn anois sa leabhar The Queen v Patrick O’Donnell agus sa scannán den teideal céanna atá le craoladh ar TG4 ar 16 Márta gur go héagórach a daoradh chun báis é; an n-iarrfaidh sé ar na húdaráis thall leithscéal a ghabháil ó tharla go bhfuil sé soiléir anois gur choinnigh an Breitheamh George Denman ceist thábhachtach de chuid an ghiúiré faoi cheilt ón fhoireann cosanta, ón phreas agus ón chúirt i gcoitinne, rud a d’fhág gur gearradh pionóis an bháis nach raibh tuillte aige ar fhear Ghaoth Dobhair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12019/22]

View answer

Written answers

Gabhaim buíochas leis an Teachta Dála as an gceist seo maidir le cás stairiúil Phádraig Uí Dhómhnall a crochadh i 1883 i leith dhúnmharú James Carey. Tugaim faoi deara gur foilsíodh leabhair a bhaineann leis an gcás seo, The Queen vs Patrick O’Donnell, le Seán Ó Cuirreáin, agus go ndearnadh scannán arna bhunú ar an scéal seo. Dar ndóigh, is féidir le hobair stairithe, a thugann eolas nua chun solais trí scaoileadh cháipéisí stairiúla, léargas luachmhar a thabhairt dúinn ar an gcaoi a d’fhorbair ócáidí suntasacha inár gcuid staire chomhroinnte, agus cuireann siad le díospóireacht agus tuiscint níos leithne. Tabhairfaidh an Rialtas agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha breithniú cuí ar aon eolas nua atá tagtha chun solais mar thoradh na hoibre seo.

Top
Share