Aengus Ó Snodaigh
Question:228. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé atá ag riar an athbhreithnithe ar struchtúr Údaráis na Gaeltachta; ar éirigh leis an Roinn comhlacht comhairleoireachta a aimsiú chun tabhairt faoin athbhreithniú; agus an é an Roinn féin nó comhlacht comhairleoireachta a bhfuil an próiseas comhairliúcháin phoiblí á eagrú acu mar chuid den athbhreithniú, nó conas a dhéanfar measúnú ar an gcomhairliúchán poiblí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12958/22]
View answer