Cuireann mo Roinn cúnamh caipitil ar fáil faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne chun cabhrú le forbairt bhonneagar pobail agus teanga na Gaeltachta ar a n-áirítear uasghrádú a dhéanamh a dhéanamh ar fhoirgnimh.
Táim ar an airdeall gur fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail ciste caipitil nua le gairid ar fiú suas le €15 milliún é chun tacú le grúpaí pobail chun Ionaid Phobail a uasghrádú agus a athchóiriú lena n-áirítear foirgnimh a fheistiú chun astúchán a laghdú agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. Tá eolas bresie le fáil ina leith ar shuíomh na Roinne sin ag: www.gov.ie/ga/preasraitis/22be2-minister-humphreys-announces-details-of-new-15-million-community-centre-fund/
Tá an cheist trí chéile maidir le cúnamh féideartha faoi chlár na Roinne á breithniú ag mo Roinn faoi láthair ag cur san áireamh, mar is cuí, an raon tacaíochtaí ábhartha atá agus a d'fhéadfadh a bheith ar fáil ó fhoinsí eile stáit den chineál thuasluaite faoi scáth DRCD.