Skip to main content
Normal View

Forbairt na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 July 2022

Tuesday, 26 July 2022

Questions (560)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

560. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén dul chun cinn atá déanta aici i dtreo na sprice stáisiún raidió lán-Ghaeilge do dhaoine óga a bhunú, an costas a bhainfeadh lena leithéid; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40548/22]

View answer

Written answers

Is é Raidió Rí-Rá an phríomhsheirbhís raidió Gaeilge don óige agus é ag craoladh ar an idirlíon 24 uair sa lá, 7 lá na seachtaine. Tá Raidió Rí-Rá á mhaoiniú ag mo Roinnse ó bunaíodh é in 2008; cuireadh maoiniú reatha €759,882 san iomlán ar fáil don stáisiún go dtí seo agus tá maoiniú €109,000 ceadaithe cheana féin do 2023.

Cuireadh maoiniú caipitil €47,772 ar fáil freisin in 2020, lena n-áirítear maoiniú chun stiúideonna Raidió Rí-Rá a fhorbairt i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath, chomh maith le trealamh a cheannach don stáisiún. Cuireadh bailchríoch le deireanas ar na hoibreacha athchóirithe sa stiúideo i mBaile Átha Cliath agus ar na hoibreacha sa stiúideo nua i nGaillimh. Bíonn deiseanna oiliúna le fáil ag oibrithe deonacha i stiúideonna Raidió Rí-Rá, agus tá méadú tagtha ar líon na n-oibrithe deonacha sa stáisiún le blianta beaga anuas.

I gcomhar le mo Roinnse agus ag teacht le ceann de chuspóirí Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, tá Údarás Craolacháin na hÉireann i mbun taighde faoi láthair ar na féidearthachtaí i dtaobh tuilleadh forbartha a dhéanamh sa réimse seo. Tá craoladh sheirbhís raidió don aos óg ar FM, mar aon le samhail hibrideach, i measc na roghanna atá á scrúdú acu.

Tá bailchríoch le cur ar an measúnú atá ar siúl ag Údarás Craolacháin na hÉireann sa bhfómhar agus meastar go mbeidh na costais a bhaineann leis an tsamhail chraolacháin atá beartaithe níos soiléire an tráth sin.

Top
Share