Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 July 2022

Tuesday, 26 July 2022

Questions (561)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

561. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndearnadh aon teagmháil idir a hoifig agus an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide chun tabhairt faoi shárú na Roinne sin ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, atá aitheanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga, a chur ina cheart maidir le hÉirchód; agus an bhfuil aon obair déanta aici chun a mheas cén maoiniú breise nó cén t-amchlár a bheadh ag teastáil ón gCoiste Logainmneacha chun tabhairt faoi logainmneacha Gaeilge a shonrú don 30% de logainmneacha an Stáit nach bhfuil logainm Gaeilge deimhnithe dóibh go fóill de réir Logeolaire an Phoist Teoranta a bhí os comhair Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge le déanaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40549/22]

View answer

Written answers

Tá sé luaite go sonrach in Alt 9 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 go bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí maidir le hainmneacha agus teidil i nGaeilge, agus le seoltaí fosta. Caithfear a chinntiú go mbíonn seoladh duine i nGaeilge taifeadta agus úsáidte mar is gceart.

É sin ráite, maidir leis an gceist atá ardaithe ag an Teachta faoin Éirchód, is ceist í sin don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tuigtear dom go raibh Oifig an Choimisinéara Teanga ag plé leis an ábhar seo agus gur cuireadh tuarascáil ina leith faoi bhráid Thithe an Oireachtais i mí Mheán Fómhair 2021.

I gcás ainmneacha na mbailte fearainn nach bhfuil taighde déanta orthu go fóill, is gnáthobair í seo a déantar ar bhonn leanúnach i mo Roinn. Cuirfear dlús leis an obair sin anois agus Príomhoifigeach Logainmneacha agus Ardoifigeach Logainmneacha nua ceaptha do mo Roinn le fíor-dhéanaí.

Top
Share