Skip to main content
Normal View

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 July 2022

Tuesday, 26 July 2022

Questions (562)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

562. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil aon obair déanta ag a Roinn, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus an Roinn Oideachais agus Scileanna chun beartas ar leith a fhorbairt don oideachas luathbhlianta trí mheán na Gaeilge agus sa Ghaeltacht, go háirithe chun tacaíocht a thabhairt do naíolanna agus naíonraí seirbhísí cúraim leanaí agus réamhscolaíochta a sholáthar trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40553/22]

View answer

Written answers

Ar an gcéad dul síos tuigfidh an Teachta gur cúram don Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige é cúrsaí luathbhlianta go príomha. É sin ráite, tá dhá ghrúpa oibre faoi stiúir na Roinne Leanaí Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige a dhíríonn isteach ar réimse na luathbhlianta agus cur chun cinn na Gaeilge. Tá ballraíocht ag an mo Roinn mar aon leis an Roinn Oideachais agus geallsealbhóirí ábhartha eile ar an dá ghrúpa sin.

Déanann an Grúpa Maoirseachta Náisiúnta na Luathbhlianta monatóireacht ar chur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí a thagann faoi mhír 3 den Phlean Gníomhaíochta 2018 - 2022 don Ghaeilge.

Ina theannta sin, bhunaigh an Roinn sin Grúpa Oibre maidir le Seirbhísí lán-Ghaeilge a Mhapáil chun na seirbhísí lán-Ghaeilge a mhapáil, chun leibhéal agus suíomh na tacaíochta a theastaíonn d’fhorbairt agus do chur chun cinn na Gaeilge sna luathbhlianta a aithint, mar bhunchloch do phlean cuimsitheach do sholáthar Gaeilge don earnáil a chur i dtoll a chéile.

Anuas ar sin tá straitéis uile-Rialtais “An Chéad 5” a bhainistiú ag an An Roinn Leanaí Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige chun saol na leanaí, leanaí óga agus a dteaghlach a fheabhsú. Is plean deich mbliana ó 2019 - 2028 é chun a chinntiú go mbíonn eispéiris dhearfacha luatha ag gach leanbh agus go bhfaigheann siad tús iontach sa saol.

Is fiú a lua chomh maith go gcuireann mo Roinn fhéin tacaíocht shuntasach ar fáil don réimse seo. Cheadaigh mo Roinn plean oibre don tréimhse 2021 - 2022 ar fiú €498,350 é don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta seirbhísí ar fáil san earnáil luathbhlianta sa Ghaeltacht. Tháinig an allúntas seo mar chomharba ar chlár trí bliana 2018 - 2021 a ceadaíodh i 2018 agus arbh fhiú €1,260,000 é in iomlán.

Top
Share