Lena gcuid riachtanais tuairiscithe agus pleanála a chomhlíonadh, tuigtear don Roinn go mbailíonn Údarás na Gaeltachta figiúirí fostaíochta uair amháin (ag deireadh mí Dheireadh Fómhair) gach bliain. Is do chuspóirí staidrimh agus pleanála a bhailítear an t-eolas seo.
Dar leis an Údarás, ag deireadh 2021, bhí 7,809 post lánaimseartha agus 485 post páirtaimseartha fostaithe i gcliantchomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón eagraíoch i gcomparáid le 7,363 agus 437 post páirtaimseartha ag deireadh 2020.
Tuairiscítear gur cruthaíodh 825 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2021. Nuair a thógtar líon na bpost lánaimseartha a cailleadh san áireamh, bhí glanmhéadú de 446 post ar an mbliain roimhe sin i gceist.
Tá curtha in iúl ag an Údarás gur cruthaíodh 427 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2020. Nuair a thógtar líon na bpost lánaimseartha a cailleadh san áireamh, bhí glan laghdú de 481 post ar an mbliain roimhe sin i gceist.
Tugtear briseadh síos de réir contae ar an bhfostaíocht lánaimseartha sa tábla a leanas. Beidh figiúirí 2022 ar fáil in Eanáir 2023.
Contae
|
2020
|
2021
|
Difríocht
|
Dún na nGall
|
2,168
|
2,304
|
136
|
Maigh Eo
|
604
|
661
|
57
|
Gaillimh
|
2,955
|
3,180
|
225
|
An Mhí
|
215
|
194
|
-21
|
Ciarraí
|
611
|
617
|
6
|
Corcaigh
|
664
|
702
|
38
|
Port Láirge
|
146
|
151
|
5
|
Iomlán
|
7,363
|
7,809
|
446
|