Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 8 September 2022

Thursday, 8 September 2022

Ceisteanna (505)

Aindrias Moynihan

Ceist:

505. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén líon fostaithe atá ag cliant-chomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta, i bhfoirm tábla do na contaetha éagsúla; cén líon fostaithe a cruthaíodh ó Shamhradh 2020; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44355/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Lena gcuid riachtanais tuairiscithe agus pleanála a chomhlíonadh, tuigtear don Roinn go mbailíonn Údarás na Gaeltachta figiúirí fostaíochta uair amháin (ag deireadh mí Dheireadh Fómhair) gach bliain.  Is do chuspóirí staidrimh agus pleanála a bhailítear an t-eolas seo.

Dar leis an Údarás, ag deireadh 2021, bhí 7,809 post lánaimseartha agus 485 post páirtaimseartha fostaithe i gcliantchomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón eagraíoch i gcomparáid le 7,363 agus 437 post páirtaimseartha ag deireadh 2020.

Tuairiscítear gur cruthaíodh 825 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2021. Nuair a thógtar líon na bpost lánaimseartha a cailleadh san áireamh, bhí glanmhéadú de 446 post ar an mbliain roimhe sin i gceist.

Tá curtha in iúl ag an Údarás gur cruthaíodh 427 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2020. Nuair a thógtar líon na bpost lánaimseartha a cailleadh san áireamh, bhí glan laghdú de 481 post ar an mbliain roimhe sin i gceist.  

Tugtear briseadh síos de réir contae ar an bhfostaíocht lánaimseartha sa tábla a leanas.  Beidh figiúirí 2022 ar fáil in Eanáir 2023.

Contae 

2020

2021

Difríocht

Dún na nGall

2,168

2,304

136

Maigh Eo

604

661

57

Gaillimh

2,955

3,180

225

An Mhí

215

194

-21

Ciarraí

611

617

6

Corcaigh

664

702

38

Port Láirge

146

151

5

Iomlán

7,363

7,809

446

Barr
Roinn